'Underdogs' - Sraith nua

WNL Football

Is coincheap iontach é na Underdogs agus tá cluiche ar leith i ndán dúinn nuair a chasfaidh na peileadóirí atá roghnaithe ar an bfhoireann WLOI Credit: Peter Fitzpatrick (ETPhotos)

Cén ceangal atá idir iarpheileadóir na hÉireann, iarimreoir agus iarbhainisteoir Chláirsigh na Finne, agus ceannaire shacar na mban Dhroichead Átha Aontaithe? 

An freagra? An tSraith 'Underdogs' ar TG4! Tá séasúr nua den tsraith iomráiteach ar ais ar ár scáileáin teilifíse ag tabhairt deis d'imreoirí a bhfuil sé de mhian acu imirt ag an léibheal is airde sa sacar in Éirinn teacht le chéile faoi stiúir traenálaithe mór le rá agus cluiche a imirt i gcoinne ceann de na foirne is fearr sa tír. 

Cad faoi na daoine atá luaite cheana, agus an caidreamh atá eatarthu? Beidh iadsan - Méabh de Búrca, Charlie McGeever agus Laura Donovan - ar an taobhlíne mar fhoireann bainistíochta agus beidh an triúr acu sa tóir ar scuad de mhná uaillmhianacha atá sách cumasach le haghaidh a thabhairt ar fhoireann ón bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan. Beidh ar an mBainistíocht imreoir amháin nó níos mó a chur abhaile gach seachtain mar nach féidir ach le 30 acu dul ar aghaidh agus imirt sa chluiche dúshláin deiridh a bheidh ar siúl.

Craoltar an chéad eipeasóid an tseachtain seo caite agus bhuaileamar le roinnt rannpháirtithe as gach cearn den tír. Tugtar léargas dúinn ar a gcúlraí agus na cúiseanna ar chuir siad isteach ar an tionsnamh seo. Chualamar scéalta éagsúla faoi dhaoine a bhí gá orthu a gcuid brionglóidí spóirtiúil a chur ar ceal agus éirigh as an sacar mar gheall ar chúrsaí oibre, staidéir, teaghlaigh, gorthú nó cúiseanna eile.

Chas muid ar dhaoine cosúil le Maria ó Corcaigh a d'fhulaing timpiste bóthair agus Stephanie ó Áth Cliath le tachycardia. Chuala muid freisin ó iar-pheileadóir Kara as Contae na Gaillimhe a d'eirigh as an spórt agus í ag iarraidh clann a bheith aici, chomh maith le peileadóir bodhar, Lolo, a imríonn Futsal ar fhoireann na hÉireann agus a bhí mar captaen na foirne a bhain siad áit amach i gCraobh an Domhain.

An réiteoidh siad le chéile? An éireoidh leo go léir? Agus, cad faoin mbainistíocht - cén chaoi a n-oibreoidh siad le chéile? Sa chéad eipeasóid an Déardaoin seo caite, sheas siad gualainn ar ghualainn agus bhí siad mar aon intinn maidir le gach rud a bhí á phlé. Áfach, cé chomh fada a mhairfidh sé seo? Gheobhaimid amach go luath!

Is coincheap iontach é na Underdogs agus tá cluiche ar leith i ndán dúinn nuair a chasfaidh na peileadóirí atá roghnaithe ar an bfhoireann WLOI. B'fhiú go mór féachaint ar an gcéad chlár eile ar an Déardaoin, agus má's rud é go bhfuil níos mó Peil na mBan á theastáil uait, beidh craoladh beo ar Treaty United agus Shamrock Rovers ó Pháirc an Mhargaidh i Luimneach ar an Satharn ag 16:45.